Fios Físe logo

Painéal Lucht Féachana TG4 / Painéal Lucht Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ról an Phainéil

Bailítear eolas go seachtainiúil faoi sceidil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bhaill an Phainéil trí Dhialann Féachana a bhíonn le líonadh ar an idirlíon gach seachtain. Tá Dialann samplach le feiceáil ag:

Dialann-Shamplach-2019 (PDF)

Ní thógann sé ach roinnt bheag nóiméad an dialann féachana a líonadh gach seachtain.

Céard a bheidh le déanamh agam mar bhall den Phainéal?

  • Faigheann baill an Phainéil ríomhphost gach Luan ina mbíonn nasc chuig an Dialann Féachana a bhíonn le líonadh ar an idirlíon.
  • Bíonn roinnt ceisteanna sa dialann féachana a bhaineann le sceidil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta don tseachtain atá thart (Luan go Domhnach).
  • Ní thógann sé ach roinnt bheag nóiméad an dialann féachana a líonadh gach seachtain. Is beag scríobh atá i gceist, ticeanna i mboscaí ar cheisteanna ilroghnacha den chuid is mó. Bíonn tú in ann do shástacht maidir le cláir ar fhéach tú orthu i gcaitheamh na seachtaine a thuairisciú sa dialann. Bíonn spás sa dialann freisin le tuairimí a thabhairt i bhfoirm scríofa, más mian leat é sin a dhéanamh.
  • Tá sé riachtanach an Dialann Féachana a bheith seolta ar ais roimh meán oíche gach Domhnach.

Coinníollacha ballraíochta an Phainéil

  • Ní cheadaítear do bhaill foirne TG4, do bhaill Bhord TG4 nó do rannpháirtithe Chomhairle Féachana TG4 a bheith ina mbaill de Fios Físe.
  • Ní cheadaítear do bhaill foirne RTÉ nó do rannpháirtithe Chomhairle Raidió na Gaeltachta a bheith páirteach.
  • Ní cheadaítear do bhaill foirne Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bheith páirteach i Fios Físe.
  • Ní cheadaítear do theaghlaigh na gcohórt thuasluaite uile a bheith ina mbaill ach an oiread.

Cosaint Sonraí

Ní roinnfear sonraí pearsanta baill an phainéil le haon tríú páirtí. Ní bheidh do shonraí pearsanta le feiceáil ach an oiread ar aon thuairiscí a eascróidh ón eolas a bheidh sna dialanna féachana agus éisteachta a sheolfar ar ais. Eolas staitistiúil agus tuairiscí gan ainm a bheidh i gceist. Stórálfar do chuid sonraí go sábháilte.

Cosaint Leanaí

I gcás baill idir 15 – 18 bliain d’aois beidh toil tuismitheora/caomhnóra de dhíth.

Barr