Fios Físe logo

Painéal Lucht Féachana TG4 / Painéal Lucht Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cúlra

Tionscadal é Fios Físe atá bunaithe ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin le TG4 agus le RTÉ. Bunaíodh an tionscadal le tomhais a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag Pobal Labhartha na Gaeilge ar TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Faigheann TG4 staidrimh féachana seachtainiúla ó TAM Ireland Nielsen agus faigheann RTÉ staidrimh rialta ón JNLR maidir le Raidió na Gaeltachta. Baineann na staidrimh sin le pobal féachana agus éisteachta na gcraoltóirí in Éirinn trí chéile. Tá sé mar aidhm ar leith leis an togra seo faisnéis agus tuairimí a bhailiú maidir le pátrúin féachana agus éisteachta phobal labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.

Tá an Painéal oscailte do phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre mar sin. Tógfaidh comhdhéanamh an Phainéal scaipeadh thíreolaíoch, próifíl déimeagrafach agus inniúlacht teanga san áireamh.

Luach an Aiseolais

Déanfaidh foireann an tionscadail scagadh rialta ar na sonraí a eascróidh óna dialanna féachana. Mar aon le léargas a fháil ar éileamh Phobal Labhartha na Gaeilge ar TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beidh fiúntas ag baint leis na staidrimh a eascróidh ón tionscadal maidir le cinntí sceidealaithe agus coimisiúnaithe.

Ceisteanna Coitianta

Cén uair a bheidh an Dialann Féachana agus Éisteachta (suirbhé beag) le líonadh agam?

Cén chaoi a mbeidh fáil agam ar an Dialann?

Cé mhéad ama a thógann sé an Dialann a líonadh gach seachtain?

An mbeidh orm an Dialann a líonadh gach seachtain?

Cén cineál ceisteanna a bhíonn sa Dialann?

An mbeidh orm féachaint ar TG4 agus éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta níos minice de bharr mé a bheith páirteach i Fios Físe?

Ní bhreathnaím ach ar fhíorbheagán teilifíse agus ní éistím ach le fíorbheagán raidió, mar sin, an fiú dom a bheith páirteach i Fios Físe?

Cén fhad a gcaithfidh ball fanacht ar an bPainéal Lucht Féachana agus Éisteachta?

Céard atá i gceist le Scéim Dílseachta na mball?

Cén úsáid a bhaintear as aiseolas agus tuairimí na mball faoi sceidil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta?

Barr