Ar mhaithe le deis a thabhairt do dhaoine a casadh orainn i mBéal Feirste teacht chucu féin agus scéal Fios Físe a scaipeadh ar a gcomhghleacaithe agus a chairde Gaeil tá sé beartaithe againn Comórtas Speisialta an Oireachtais a choinneáil ar oscailt ar feadh tamaillín beag eile, go dtí Dé hAoine 14 Samhain 2025.
Mar sin má chláraigh tú le Fios Físe le linn Oireachtas na Samhna, nó má chlaraíonn tú as seo go dtí 14 Samhain 2025, agus má líonann tú 6 dhialann as seo go dtí deireadh na bliana 2025 cuirfear d’ainm sa hata le haghaidh chrannchur speisialta.
I measc na nduaiseanna a bheidh againn beidh Apple Air Pods.
Anuas ar an gcrannchur speisialta seo, má líonann tú 3 as 4 dhialann in aghaidh na míosa beidh tú istigh ar Chrannchur Míosúil Fios Físe freisin. Bíonn luach €1,ooo de dhearbháin le buachan gach mí.
Cúpla nóiméad a thógfaidh sé ort an dialann a líonadh gach seachtain agus beidh tú ag cuidiú go mór le TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta barr feabhais a chur ar a gcuid seirbhísí.
Is mór is fiú clárú linn @ fiosfise.ie/claru
